04/06/2026
We are beyond excited to host at our September Sibín Session.
Amano is a singer and multidisciplinary artist with roots in Kerry and Kyūshū (Japan). Her live performances attune to people, place and season, blending Irish sean-nós with contemporary fusion, new folk compositions and spoken word.
She approaches music through an animistic worldview where the songs and stories of tradition are co-created and alive; not only in our human experiences but within the greater-than-human ecosystem too.
She was nominated for “Artist of the Year” at the 2026 Gradaim Nós Irish Language Music Awards. Her debut electronic collaboration with Cork producer Kalabanx, THREAD, was nominated for “Album of the Year” and “Song of the Year” at the Gradaim Nós in 2025.
Cumadóir, amhránaí, file, agus taibhealaíontóir is ea Amano a bhíonn meascán de shean- nós, hip hap, popcheol agus ceol deabhóideach le fáil ina cuid saothair. Tá a cleachtas tumtha i dtuiscint anamach i dtaca leis an talamh, an dúlra agus na foirmeacha bheatha éagsúla lena roinnimid an domhan.
Sula ndeachaigh sí i mbun gairm bheatha sna healaíona, chaith Amano blianta ar shaoire an mhála droma agus ag déanamh taighde ar chreidimh dhomhanda, antraipeolaíocht agus fealsúnacht. Tá rianta don tuiscint chultúrtha leathan sin le mothú ina taibhiú inniu.
Rugadh Amano i dtuaisceart na Seapáine agus tógadh i gcroí lár Chiarraí í. Chuaigh an nGaelainn agus an ceol go mór i bhfeidhm uirthi i rith a laethanta scoile agus thosaigh sí ag seinm go gairmiúil agus í ina déagóir.
Le blianta beaga anuas tá tacaíocht faighte ag Amano ó Chomhairle Éalaíon na hÉireann, An Taibhdhearc agus Comhairle Chontae Chiarraí chun a ceol agus scríobhneoireacht a fhorbairt. I 2024, d’eisigh Amano an EP THREAD a chruthaigh sí in éineacht le Garry McCarthy / Kalabanx, EP a léiríonn Éire in aois a claochlaithe. Chomhoibrigh sí freisin leis an rapálaí
Blue Niall ar athmheasc “Leanbh” a eisíodh i 2025.
In proud collaboration with