01/09/2026
🎬 Muintir Dhún na nGall - An bhfuil réalta óg sa teach agat? 🌟
Tá Léiriú Súgradh Teo ag lorg páistí le páirt a ghlacadh i sraith úr do Cúla4 - Abair Amach É! 🎤💬
Is sraith gairid spraíúil í a thugann ardán do pháistí idir 6 agus 12 bliana d'aois ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre a gcuid smaointe, scéalta, spéiseanna agus tuairimí a roinnt trí mheán na Gaeilge.
⚽ Spórt
🎵 Ceol
🚜 Feirmeoireacht
🎨 Caitheamh aimsire
💭 Agus achan uile rud eile a chuireann spéis iontu!
Ba bhreá linn labhairt leat!
📅 Beidh an taifeadadh ar siúl idir an 21ú-25ú Méan Fómhair i nDún na Gall.
Má tá suim agat go mbeadh do pháiste páirteach, seol teachtaireacht nó cuir glaoch chuig Hannah - 0044 75 1635 7322. 📱
💶 Beidh íocaíocht ar fáil do na rannpháirtithe.