12/10/2026
Bí linn do Bhál Nollag na Gaeilge, Dé Sathairn 5 Nollaig in Óstán Clayton Charlemont.
Oíche mhór chun céiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Beidh togha gach bídh agus rogha gach dí ar fáil le béile trí chúrsa agus beidh scoth an cheoil againn (ceoltóirí le fógairt go luath!)
Cód feistis: Foirmiúil (Cultacha agus gúnaí galánta). €67 ar thicéad ach lascaine 10% do bhaill reatha - seiceáil do ríomhphost!
Faigh do thicéad go luath ag https://anclub.ie/imeachtai.
Ealaín le Cara Nic Giolla Chomhaill (cngc.ealain).